+353 90 6472321 stmarysathlone@gmail.com
Select Page

Plean Gaeilge

Scoil Mhuire Áth Luain 

Príomhoide: Ailish McManus

1. Introduction/Réamhráiteas

(a) Conas a chuireadh an plean le chéile agus cé a bhí páirteach ann?

Chuir foireann na scoile an plean le chéile sa bhliain 2022-2023. Tá an plean bunaithe ar shaineolas na múinteoirí, cuairteanna ó chuiditheoirí agus ar ndóigh Curaclam Teanga na Buncoile (2019).

(b) Cén fáth go bhfuil gá leis an bplean seo?

An rud atá i gceist sa phlean seo ná tuairisc faoin aidhmeanna, cuspóirí agus straitéisí chun an Ghaeilge a shealbhú agus a dhul chun cinn i Scoil Naomh Mhuire. Teastaíonn uainn an Ghaeilge a chur ar aghaidh agus í a leathnú tríd na scoile sa chaoi is go mbeidh leanúnachas ann. Tá gá leis an bplean:

  • ●  chun cuidiú/cabhrú linn Curaclam Teanga na Bunscoile ó thaobh an Gaeilge de a chur i bhfeidhm agus a chur in oiriúint dár scoil

  • ●  ionas go mbeidh treoir chinnte againn i múineadh and úsáid na Gaeilge

  • ●  ionas go mbeidh a fhios ag gach duine cad atá ar siúl tríd an scoil uilig

  • ●  ionas go mbeidh leanúnachas agus forbairt ann ó rang go rang

  • ●  chun comhthéacs a chruthú d’úsáid na Gaeilge sa scoil

  • ●  mar áis scoile le haghaidh múinteoirí nua/ionadaithe

    Cuspóirí

    Is é cuspóir múinteóirí Scoil Naomh Mhuire ná tacaíocht a thabhairt do na páistí a gcuid scileanna Gaeilge a fhorbairt agus dul chun cinn a dhéanamh maidir le Gaeilge a fhoghlaim ar a luas féin. Tá an plean seo bunaithe ar na riachtanais foghlama teanga atá ag gach páiste sa seomra ranga ina labhraítear teangacha éagsúla. Glacaimid go huile is go hiomlán lena gnéithe atá leagtha amach i gCuraclam Teanga na Bunscoile (2019). Is iad seo cuspóirí an phlean seo:

  • ●  An Ghaeilge a shealbhú mar thoradh ar ionchur taitneamhach ó thus na foghlama

  • ●  Taitneamh a bhaint as rainn, amhráin agus scéalta

  • ●  A c(h)umas cumarsáide a fhorbairt tríchluichí teanga agus tascanna

  • ●  Na scileanna teanga a fhorbairt trí ábhar teagaisc agus foghlama comhaimseartha a úsáid chun na páistí a spreagadh

  • ●  Éisteacht ghníomhach a fhorbairt trí thascanna agus trí chluichí éisteachta

  • ●  An Ghaeilge a úsáid i gcomhthéacsanna éagsúla chun caidreamh sóisialta a dhéanamh

  • ●  An Ghaeilge a chomhtháthú le hábhair eile

Fís agus Aidhmeanna

Fís – An Plean i gComhthéacs na Scoile

  • ●  Déanann na múinteoirí gach iarracht an Gaeilge a úsáid i rith an lae.

  • ●  Déanaimid gach iarracht freastal ar riachtanais teanga chuile pháiste sa scoil.

  • ●  Bíonn baint ag an scoil seo le himeachtaí cultúrtha na Gaeilge mar shample peil, iománaíocht, rince, ceol.

  • ●  Glacann roinnt de na páistí páirt sa Fhéile Ceoil na Scoileanna gach bhliain.

  • ●  Bíonn Tionól speisialta again i mí na Márta chun Seachtain na Gaeilge a chomóradh. Ba chóir go gcuirfí ar chumas gach pháiste:

  • ●  Gaeilge neamh fhoirmiúl a chloisint agus a thuiscint mar theanga sa scoil.

  • ●  Labhairt as Gaeilge le caidreamh sóisialta, cumarsáid simplí cluiche a imirt nó rólghlacadh a dhéanamh.

  • ●  Taithí a fháil ar ghramadach na Gaeilge a chloisint.

  • ●  An múnteoir a chloisint ag léamh le rithim, fonn agus fuaim ceart.

  • ●  Léamh iad féin le rithim fonn agus fuaim ceart.

  • ●  Léitheoireacht a thuiscint.

  • ●  Cleachtaí scríbhneoireachta a dhéanamh.

  • ●  Eolas ar litriú agus gramadach na Gaeilge a úsáid.

  • ●  Páistí eile a chloisint ag labhairt nó ag léamh as Gaeilge.

    I Scoil Naomh Mhuire aithnítear “Agus páistí ag foghlaim agus ag sealbhú teanga fós, bíonn said ag foghlaim tríd an teanga freisin.” (Curaclam Teanga na Buncoile lch. 7). Ina theannta sin aithnítear nach ag an ráta céanna a fhoghlaimíonn gach páiste and mar sin, glactar neamhspleáchas an mhúinteora chun breithiúnais ghairmiúla a dhéanamh agus é/í ag pleanáil, ag teagasc agus ag measúnú gach páiste.

    Aidhmeanna

    Is mian linn na haidhmeanna seo a bhaint amach:

  • ●  Sa scoil seo déanaimid gach iarracht an Ghaeilge a dhéanamh taitneamhach do na

    leanaí.

  • ●  Úsáid na Gaeilge mar ghnáth-theanga chumarsáide a chur chun cinn.

  • ●  Dearcadh dearfach i leith na Gaeilge agus spéis agus dúil inti a chothú.

  • ●  Taitneamh a bheith le baint as foghlaim na Gaeilge.

  • ●  Cumas éisteachta agus labhartha an pháiste a fhorbairt agus a mhuinín chun an Ghaeilge a úsáid agus a chothú.

  • ●  Scileanna éisteachta agus scileanna labharta an pháiste a fhorbairt ar bhealach comhtháite.

  • ●  Feasacht teanga agus feasacht chultúir a chothú.

  • ●  Cúram a dhéanamh d’fhorbairt shóisialta, chognaíoch, mhothúchánach,

    shamhlaíoch agus aeistéitiúil an pháiste.

page3image132895408

2. Pleanáil don Churaclam
Curaclam na Gaeilge – Snáitheanna, Gnéithe agus Torthaí Foghlama

Ba cheart go mbeadh eolas ag mύinteoirí ar na trí shnáithe i gCuraclam Teanga na Bunscoile- Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht agus Scríbhneoireacht. Is iad seo a leanas na gnéíthe fhoghlaim teanga bhunriachtanach a bhaineann le gach ceann de na snáitheanna:

  • ●  Gné 1: Caidreamh cumarsáideach a fhorbairt trí theanga (Cumarsáid).

  • ●  Gné 2: Ábhar agus struchtúr na teanga a thuisicint (Tuiscint).

  • ●  Gné 3: Teanga a fhiosrú agus a úsáid (Fiosrú agus Úsáid).

    Tá tacar de Thorthaí Foghlama ag gach gné, ina ndéantar cur síos ar fhoghlaim thábhachtach teanga ó thaobh coincheap, meonta agus scileanna. Tá na gnéithe ag brath ar a chéile.

    Tábla 1: Snáitheanna, Gnéithe agus Torthaí Foghlama

page4image132960736

Cur Chuige Chumarsáideach

Múintear gach gné den Churaclam Gaeilge faoin gCur Chuige Cumarsáide. Cuirtear béim ar an gcumarsáid sa scoil seo and tuigtear go bhfuil thí thréimhse i ngach ceacht Ghaeilge:

  • ●  An Tréimshe Réamhchumarsáide

  • ●  An Tréimhse Chumarsáide

  • ●  An Tréimhse Iarchumarsáide

    Is iad na gnéithe is tábhachtaí de cheacht chumarsáide ná:

  • ●  Ábhar teagaisc agus foghlama páistelárnach.

  • ●  An páiste a bheith gníomhach agus tascanna le déanamh aige/aici.

  • ●  An múinteoir ag glacadh le hidirtheanga a pháiste mar den phróiseas foghlama.

    Téamaí

    I measc na dtéamaí don Ghaeilge tá:

 

Mé féin
Sa bhaile
An scoil
Bia
An teilifís Siopadóireacht Caitheamh aimsire Éadaí
An aimsir
Ócáidí speisialt

Is féidir a leathnú chun ábhar a bhfuil spéis ag an bpáiste ann a chur san áireamh freisin le na múinteoirí go leor topaicí a roghnú as na téamaí. Is féidir leo na topaicí seo

Modhanna Mύinte:

Caithfear réimse modhanna múinte a úsáid chun na Torthaí Foghlama a bhaint amach. Is saoirse modheolaíochta ag an múinteoir le gur féidir leis/leí na modhanna a oireann don ábhar teagasc agus foghlamtha a roghnú ach ní chóir cloí le h-aon cheann amháin do gach gné den churaclam. Molaimid dá bhrí sin, réimse leathan modhanna múinte a úsáid.

Ina measc bheadh:

  • ●  Modh an tSraithe: tús/lár/deireadh

  • ●  Modh na lánfhreagartha gníomhaí: Éalaítear abairtí iomlána cruinne ó na daltaí,

    go speisialta agus iad ag cur agus ag freagairt ceiste.

  • ●  An Modh Closlabhartha

  • ●  An Modh Closamhairc

  • ●  Modh na Ráite

● Drámaíocht agus scéalaíocht.
Brathann modhanna múinte ar chumas an pháiste agus an rang ina bhfuil sé/sí.

Teanga Ó Bhéal:

Is teanga bheo í an Ghaeilge agus moltar í á úsáid sa ghnáthchumarsáid scoile – laistigh agus lasmuigh de na ranganna, sa chlós agus i dtimpeallacht na scoile. Tuigtear go dtagann páistí ar scoil le heispéiris éagsúla acu Ieith teangacha. Is de nádúr teangacha iad a bheith gaolmhaor le chéile agus mar sin cuirtear béim ar foghlaim imeasctha na teanga. Bíonn ar múinteoirí inspreagadh a thabhairt do pháistí an Ghaeilge a labhairt, gan bheith buartha faoi bhotúin a dhéanamh.

Is iad seo a leanas na Torthaí Foghlama a bhaineann le Teanga Ó Bhéal:

  • ●  Rannpháirtíocht, éisteacht agus aird

  • ●  Inspreagadh agus Rogha

  • ●  Gnásanna sóisialta agus feasacht ar dhaoine eile

  • ●  Struchtúr Abairte agus Gramadach

  • ●  Stór focal ó bhéal a shealbhú agus a úsáid

  • ●  Léiriú Tuisceana

  • ●  Iarratais, Ceisteanna agus Idirghníomhuithe

  • ●  Catagóiriú

  • ●  Teanga a úsáid go spraíúil agus go cruthaitheach

  • ●  Eolas, míniú agus údar a thabhairt

  • ●  Cur síos, tuar agus machnaimh

    Straitéisí

    Chun foghlaim na Gaeilge a choiméad anamúil agus taitneamhach, baintear úsáid as straitéisí éagsúla, ina measc:

    • ●  Cluichí Teanga: Cluiche Kim, Cluiche Cuimhne, Cluiche – Cad é?, Biongó, Cluichí Meaitseála, Cad atá sa mhála?, Leadóg na bhfocal, Comórtas Cainte, Deir Ó’ Grádaigh, Cluiche Tomhais, Fiche Ceist srl.

    • ●  Obair Bheirte

    • ●  Drámaíocht

    • ●  Scéalaíocht

    • ●  Amhráin agus Dánta

      Léitheoireacht:

      Sé príomhaidhm na léitheoireachta sa scoil ná cur ar chumas na páistí léamh go h-éasca agus go cruinn le tuiscint agus le mothú, go mbeidh siad ábalta teachtaireacht nó eolas a fháil uaidh, agus focail nua a thomhas ón gcomhthéacs nó ón gcomhréir. Aithnítear an tábhacht a bhaineann le cumas éisteachta agus labhartha an pháiste mar bhunús don léitheoireacht pé rang atá i gceist. Is gá deimhin a dhéanamh de go bhfuil bunús mhaith faoi theanga labhartha na bpáistí ionas go mbeidh siad in ann tabhairt faoin léitheoireacht go muiníneach. Éisteann na páistí le téacsanna aitheanta agus neamhaitheanta i séanraí éagsúla. Úsáideann siad réamheolas agus réamhthaithí chun brí a bhaint as an téacs agus é a léirmhíniú. De réir mar a théann an páiste chun cinn, éireoidh na téacsanna níos casta ó thaobh stór focal léitheoireachta agus ábhair de.

      Ní bheidh léitheoireachta foiremeálta ar siύl i ranganna naíonáin go rang a haon ach déantar forbairt chórasach ar scileanna na réamhléitheoireachta i ranganna na naíonán,ina measc:

  • ●  Léifear leabhair mhóra do na páistí go rialta sna ranganna seo.

  • ●  Ullmhύcháin – Rainn, cluichí éisteachta, pictiύrleabhair, prionta Gaeilge sa timpeallacht agus labhairt neamhfhiormύil

  • ●  Tύs na léitheoireachta – Prionta Gaeilge sa thimpealleacht, leabhair mhóra agus leabhair bheaga Is é Bua na Cainte atá in úsáid mar bhunscéim léitheoireachta i ranganna na naíonáin shóisearacha go rang a 2 agus is é Abair Liom an scéim atá roghnaithe ag na hardranganna.
    Ina theannta sin, bíonn leabhair Gaeilge le fáil sa leabharlann sna seomraí ranga, chun suim agus líofacht Gaeilge a chothú.

    Torthaí Foghlama:

    Rannpháirtíocht
    Inspreagadh agus rogha
    Gnásanna cló agus struchtúr abairte
    Stór focal
    Fónaic, aithint focal agus staidéar ar fhocail Feasacht fhóineolaíoch agus fhóinéimeach Cuspóir, seánra agus guth
    Freagracht agus intinn an údair
    Líofacht agus féincheartú

page7image132986480 page7image132984816 page7image132984608 page7image132987936 page7image132987728 page7image132987520 page7image132984400 page7image132984192

Scríbhneoireacht:

Tús na scríbhneoireachta: Tosaítear ar an scríbhneoireacht fhoirmiúil i Rang a dó agus déantar próiseas na scríbhneoireacht a fhorbairt ó Rang a 3 go Rang a 6. Cuirtear gníomhaíochtaí oiriúnacha scríbhneoireachta ar bhun sa scoil a chothóidh múinín agus fonn scríofa ins na daltaí. Déanann na páistí tascanna scríbhneoireacta bunaithe ar na téamaí atá sa Churaclaim.

Roinnt de na tascanna:
Pictúirí a tharraingt agus lipéid a chur air

Nuacht simplí bunaithe ar imeachtaí a bhaineann leo Líon na Bearnaí
Dialann simplí a choimead

Aidhmeanna Scríbhneoireachta: Go mbeidh na páistí in ann:

  • ▪  Tascanna scríbhneoireachta a dhéanamh le cuidiú ón mhúinteoir agus, ina

    dhiaidh sin, go neamhspleách, bunaithe ar na téamaí ón scéim Ghaeilge

  • ▪  Téacsanna gairide pearsanta agus cruthaitheacha a scríobh

  • ▪  Tuiscint a fháil ar phróiseas na scríbhneoireachta trí athdhréachtú a dhéanamh

    Torthaí Foghlama:

    Rannpháirtíocht
    Inspreagadh agus rogha
    Struchtúr abairte agus gnásanna cló
    Stór focal
    Litriú agus staidéar ar fhocail;
    Cuspóir, seánra agus guth
    An próiseas scríbhneoireachta agus ag cruthú téacs Freagracht agus intinn an údair

page8image133110064 page8image133110896 page8image133111104 page8image133111312 page8image133111520 page8image133111728 page8image133111936 page8image133112144

page9image133153184

Peannaireacht agus cur i láthair

Chun na torthaí foghlama seo a bhaint amach, bíonn múineadh na scríbhneoireachta bunaithe ar Scaoileadh Céimseach na Freagrachta (mar an gcéanna leis an mBéarla):

Múnlóireacht: Taispeántas an mhúinteora/ taispeántas físe.
Roinnt: Leanann an múinteoir ag múnlú le hionchur na bpáistí;
Treorú: Spreag na páistí an scil a chleachtadh agus scafall ar fáil dóibh (mar shampla taifid físe nó fuaime, físcheacht beo, seomraí scartha);
Cur i bhfeidhm: Bain úsáid as na scileanna seo go neamhspleách i ngnáthchomhrá

Séanraí Scríobhneoireachta

Tosaíonn scríbhneoireacht na bpáistí ag leibhéal scrábadh agus pátrúin á gcríochnú go dtí na hardranganna ina mbeidh roinnt páistí in ann iad féin a chur in iúl in séanraí cineálacha scríbhneoireachta le féinmhuinín.

Litriύ

Sa Ghaeilge ní dhéantar litriύ foirmeálta go dtí rang a dó agus bíonn scrúdú scriofa ag Rang 3 – Rang 6 gach seachtain. Mar idirdhealú tugtar litriύ le foghlaim de réir chumas an pháiste. Is é ‘Fuaimeanna agus Focail’ an leabhar atá roghnaithe againn chun tacaíocht a thabhairt do mhúineadh na litriú.

Cur chuige don litriú: Féach-Abair-Clúdaigh-Samhlaigh-Scríobh-Ceartaigh

Scríbhneoireacht Saor

Tugtar seans do na páistí scríbhneoireacht saor a dhéanamh cúpla uair sa seachtain agus is féidir leo scríobh as Gaeilge más mian leo. Bíonn an béim ar mhuinín an pháiste sa scríobhneoireacht a fhorbairt agus ligtear dóibh an teanga agus topaic a roghnú.

3. Measύnύ

Tá an measúnú mar chuid lárnach den phróiseas teagaisc agus foghlama na Gaeilge. Seo iad cuid de na modhanna measúnaithe atá in úsáid againn i Scoil Naomh Mhuire, measúnú foirmiúil agus neamhfhoirmiúil atá i gceist:

  • ●  Dírbhreathnú an mhúinteora

  • ●  Féinmheasúnú

  • ●  Tascanna agus trialacha deartha ag an múinteoir

  • ●  Ceistiú

  • ●  Bailiύchán d’obair agus de thionscadáil an pháiste

  • ● AFL agus AOL ·

4. Comhionannas (Éagsúlacht Cumais)

Ba mhaith linn tacaíocht a thabhairt do gach páiste i leith teanga a shealbhú agus dul chun cinn a dhéanamh léi. Bíonn an seans chéanna ag gach páiste Gaeilge a fhoghlaim i Scoil Naomh Mhuire. Ag an am céanna aithnítear gur scoil ilghnéítheach í Scoil Naomh Mhuire. Is iomaí teanga a bhíonn á labhairt ag na daltaí agus i go leor cásanna ní bhíonn an Ghaeilge ná an Béarla mar teanga dúchais acu. Tá a fhios againn go mbeidh orainne, na múinteoirí, suíomh Gaeilge a chruthú mar chúiteamh ar an easpa Gaeilge sa timpeallacht agus sa bhaile. É sin ráíte, de réir mar atá páiste ag foghlaim teanga amháin, sealbhaíonn sé/sí scileanna a bhíonn siad in ann aistriú go teangacha eile, mar sin bíonn siad ag foghlaim ar bhealach comhtháite.

Déanfar iarracht freastal ar éagsúlacht cumais na bpáistí tri straitéisí éagsúla, modhanna múinte agus acmhainní difriúla a úsáid.

Déanaimid ár ndícheall mar fhoireann teagaisc ar riachtainais gach páiste ach i gcásanna áirithe bíonn diolúine ón Gaeilge ag daltaí éagsúla agus ní gá dóibh Gaeilge a fhoghlaim (maidir le Ciorclán 0054/2022).

5. Rólanna agus Freagracht

Bíonn na múínteoirí go léir freagrach as an bplean a fhorbairt, a chur i bhfeidhm, tuairisc a thabhairt air, agus nuair is cuí as an bplean a leasú.

Rólanna

Scéimeanna Oibre agus Measúnú Fearas a cheannach –

Freagracht

Múinteoir Ranga

Príomhoide, Múinteoir le dualgais speisialta i bplenaile churaclaim Gaeilge/leabhair a cheannach

Foireann na Scoile, Comhordaithteoir an phlean Nessa Nic Lochlainn

Athbhreithniú agus Fearas

Caithfear an plean a athbhreithniú go rialta chun deimhin a dhéanamh de go bhfuil Curaclam Teanga na Bunscoile á chur i gcrích i gceart. Caithfear aiseolas a thabhairt don príomhoide, cé atá freagrach do cheannaireacht Múinteoireachta agus Foghlama na Gaeilge sa scoil.

6. Pleanáil Eagraíochta

Pleanáil an Mhúinteora:

  • ●  Leanann an múinteoir na ceannteidil thuasluaite (Snáithe, Gnéithe agus Torthaí Foghlama) nuair a bhíonn said ag pleanáil a gcuid oibre.

  • ●  Scríobhann na múinteoirí an obair atá déanta sa rang sa chuntas míosúil.

  • ●  Déanann na múinteoirí pleanáil fhadtéarmach agus gearrthéarmach agus déantar

    tagairt don phlean le linn na pleanála.
    Ba choir go mbeadh leanúnachas agus dul chun cinn le feiceáil ó rang go rang.

    7. Forbairt Foirne

  • ●  Tá a lán taithí ag múinteoirí áirithe sa scoil seo do mhúineadh na Gaeilge and tugann siad tacaíocht agus comhairle do na múinteoirí eile sa scoil.

  • ●  Is féidir le múinteoirí nua breathnú ar cheacht Ghaeilge i rang eile chun féinmhuinín i múineadh na Gaeilge a fhorbairt.

  • ●  Tugann an príomhoide spreagadh do na múinteoirí go léir Gaeilge a labhairt le linn an lá scoile.

  • ●  Tugtar eolas do baill foirne faoi cúrsaí CPD atá le fáil sa Ghaeilge.

  • ●  Eagraítear cuairteanna ó chuiditheoirí PDST más gá.

    8. Tuismitheoirí agus an Ghaeilge

    I Scoil Naomh Mhuire bíonn an-tábhacht ag baint le leanúnachas idir scoil agus baile. Molann an scoil do thuismitheoirí dearcadh dearfach a bheith acu don Ghaeilge chun cuidiú linn grá a chothú don teanga agus suim a mhúscailt inti. Sa cheantar seo níl mórán Gaeilge le fáil lasmuigh den scoil agus níl mórán Gaeilge ag na bpáistí agus na tuismitheoirí sula dtagann siad ar scoil. Tá go leor tuismitheoirí nach mbíonn an Ghaeilge ná fiú amháin an Béarla mar teanga dúchais acu. Is féidir cabhair a thabhairt dóibh siúd a bhfuil fonn orthu mar shampla dánta agus ránnta a chur abhaile ó am go chéile. Dá mbeadh suim ann, d’fhéadadh an múinteoir HSCL cúrsaí Gaeilge a chur ar siúl do thusimitheoirí. Bíonn cruinniú foirmiúil tuismitheoirí is múinteoirí uair amháin sa bhliain ach is féidir le tuismitheoirí cruinniú eile a eagrú chun Gaeilge a phlé más mian leo. Ina theannta sin, úsaidtear suíomh gréasáin na scoile agus ócáidí speisialta cosúil le Seachtain na Gaeilge agus Féile Ceoil na Scoileanna chun an Ghaeilge a chur chun cinn.

    9. Clár Ama

    Múintear an Gaeilge maidir le dáil ama don dara teanga atá leagtha amach ag an DES. Déanfar iarracht roinnt Gaeilge a úsáid chomh minic agus is féidir in ábhair dhifriúla sa scoil i rith na bliana (Foghlaim Chomhtháite Ábhair agus Teanga). Tugtar deiseanna do mhúinteoirí Ghaeilge a chomhtháthú ar fud an churaclam ar bhealach gníomhach lánbhrí, mar shampla, d’fhéadfadh le múinteoir rang Ealaín/Corp Oideachas/Ceol/Dramaíocht a dhéanamh trí Ghaeilge. Déanfar iarracht paidreacha agus iomann a fhoghlaim as Gaeilge. Baintearúsáidasteicneolaíochtmaruirlisd’fhorbairtagusfoghlaimlitearthachta Ghaeilge freisin.

10. Obair Bhaile

Tugtar obair bhaile oiriúnach sa Ghaeilge do na páistí i ngach rang ó rang a II go rang VI mar shampla Dán a Fhoghlaim/Litriú/Scríbhneoireacht/Léitheoireacht. De ghnáth bíonn an obair bhaile seo bunaithe ar an obair ranga. Dá bhrí sin,ní chuirfear aon stró ar na tuismitheoirí cuidiú leis na páistí munar féidir leo. Braitheann an méid obair bhaile ar éagsúlacht chumais na bpáistí.

* Tá polaisí obair bhaile forbartha againn sa scoil seo cheanna féin.

11. Áiseanna:

Mar atá luaite is é Bua na Cainte atá in úsáid mar bhunscéim i ranganna na naíonáin shóisearacha go rang a 2 agus is é Abair Liom an scéim atá roghnaithe ag na hardranganna. Bíonn go leor áiseann le fáil le na scéimeann seo ina measc Leabhar an Mhúinteora, Leabhar an Pháiste agus áiseanna digiteach don chlár bán idirghníomhach (póstaer, scéalta, amhráin, dánta, cluichí srl.) Úsáidtear leabhair agus áiseanna breise ranga chun tacaíocht a thabhairt do dhul chun cinn na Gaeilge, mar shampla:

  • ●  Leabhair Móra

  • ●  Luaschartaí

  • ●  Cluichí

  • ●  CÚLA 4/TG4

  • ●  Leabhair breise (Am don Léamh, Leigh sa Bhaile, Bun go Barr srl.)

  • ●  Áiseanna digiteach (Séideán Sí, www.tairseachcogg.ie)

    12. An tslat tomhais atá ag an scoil chun an plean a mheas:

    Tá gach múinteoir freagrach as an phlean a chur i gcrích. An tslat tomhais atá ag an scoil chun an plan a mheas ná go:

  • ●  Leannann ullmhúchán an mhúinteora an plean

  • ●  Leantar na nósanna imeachta atá sa phlean.

    Beidh a fhios againnn gur comhlíonadh aidhmeanna an phlean ó na torthaí seo:

    • ●  Aiseolas dearfach ó na múinteoirí, na páistí, na tuismitheoirí agus ó thuairiscí na

      gCigirí.

    • ●  Páistí lán-sásta páirt a ghlacadh sa rang Ghaeilge.

    • ●  An Ghaeilge a chloisteáil mar teanga bheo i dtimpeallacht na scoile (múinteoirí

      agus páistí ag labhairt Gaeilge lasmuigh de ranganna Gaeilge agus ag baint taitnimh asti).

13. Daingiú agus Cumarsáid

Scaipeadh an plean seo do na múinteoirí agus don Bhord Bainistíochta na Scoile. Bíonn an plean le fáil ar suíomh gréasáin na scoile https://stmarysprimaryschoolathlone.ie/. Ina theannta sin, tá sé le fáil san oifig más mian le éinne é a léamh.

Thug Bord Bainistíochta na scoile aitheantas don bplean reatha ag cruinniú an Bhoird i mí Feabhra 2023.

Síniú: __________________________________ (Cathaoirleach, BOM)

Síniú: __________________________________ (Príomhoide)

page13image64306208

Loading